- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Cumainn agus Clubanna na Mac Léinn
.png)
Eolas do mhic léinn faoi sheomra a chur in áirithe
- Ní mór do Chumainn na Mac Léinn teagmháil a dhéanamh le hOifig na gCumann chun clárú ar an gcóras áirithinte ar líne
 - Ní mór do Chlubanna na Mac Léinn iarratas a chur isteach ar an bhFoirm iarratais do Chlubanna
Chun eolas a fháil ar shaoráidí spóirt agus iad a chur in áirithe téigh chuig Láithreán gréasáin Aonad Spóirt agus Áineasa na hOllscoile 
Nósanna Imeachta & Rialacha
Caithfear cloí leis na nósanna imeachta agus rialacha seo a leanas maidir le Clubanna agus Cumainn a chuireann seomraí in áirithe:
- Ba chóir do gach Club/Cumann duine amháin a ainmniú chun seomraí a chur in áirithe/a dheimhniú le Foirgnimh & Eastáit.
 - I gcás go bhfuiltear ag tabhairt fógra don fhoireann Cothabhála atá ag Foirgnimh & Eastáit (Lucht Slándála, etc.) faoi mhórchuid imeachtaí, ní mór fógra sásúil a thabhairt maidir leis na himeachtaí sin. Sa tasc riaracháin seo, caithfear fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt roimh gach imeacht. I gcás áirithintí a mbaineann fógra gearr leo, d’fhéadfadh nach mbeadh fáil ar sheomraí agus go mbeadh deacrachtaí ag baint le fógra a thabhairt don fhoireann ar fad a dhéanann seirbhísiú ar na seomraí, agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé sin isteach ar an imeacht.
 - Ní dhéantar seomra a dheimhniú go dtí go mbíonn an t-iarratas ceadaithe agus an láthair deimhnithe ag Foirgnimh & Eastáit. De ghnáth déantar é seo chomh sciobtha agus is féidir tar éis an t-iarratas a fháil. Níor cheart fógraíocht a dhéanamh go mbeidh toradh an iarratais faighte.
 - Nuair a dheimhníonn Foirgnimh & Eastáit seomra, caithfear cloí leis na coinníollacha/rialacháin seo a leanas:
 
- Cosc ar róphlódú i seomra.
 - Ní cheadaítear aon bhealach éalaithe ná aon bhealach éalaithe éigeandála amach nó isteach ó halla nó seomra tionóil a chur faoi ghlas ná a bhlocáil.
 - De réir an Achta Sláinte Poiblí (Tobac), 2002 agus an Achta Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2004, tá cosc ar chaitheamh tobac i ngach foirgneamh de chuid na hOllscoile. Tuilleadh eolais i bPolasaí Srianta Caitheamh Tobac na hOllscoile.
 - Ní cheadaítear bia a ithe/deoch a ól i gceann ar bith de na Léachtlanna/Seomraí Ranga.
 - Ní bhainfear mí-úsáid as cathaoireacha, boird ná troscán eile sa seomra agus ní aistreofar idir seomraí iad.
 - Ní mór gach imeacht a riar ar bhealach eagraithe agus freagrach.
 - Ag deireadh na himeachta, ní mór an seomra a fhágáil i riocht néata agus in ord agus in eagar do léachtaí na maidine. Ba chóir an clár dubh a ghlanadh, soilse a mhúchadh agus an doras a dhúnadh.
 - De réir an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981, ní mór d’eagraithe imeachtaí a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais coiscthe dóiteáin agus go gcuirtear nósanna imeachta dóiteáin Ollscoil na Gaillimhe in iúl dóibh siúd a bhíonn i láthair ag tús na himeachta.
 - De réir an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 agus rialacháin ghaolmhara, ní mór d’eagraithe imeachtaí sábháilteacht gach socruithe a chinntiú e.g. go bhfuil aon trealamh leictreach a úsáidtear sábháilte..
 - Ní mór aon fhadhbanna nó fabhtanna a thugtar faoi deara ar an láthair a chur in iúl go díreach d’Fhoirgnimh & Eastáit.
 
Féadfar coinníollacha eile a chur leo seo de réir mar is gá agus ag brath ar chineál na himeachta.
				